Airteagal 26 · Córais uathoibrithe le haghaidh conraitheoireachta thar ceann tomhaltóra le trádálaí
Cuid de: Seirbhís do chustaiméirí agus conarthaí uathoibrithe
Go hachomairAchoimre ó Eureka
Bheadh ar thrádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil ar féidir le tomhaltóirí iad a úsáid chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a fheidhmiú thar a gceann uirlisí a sholáthar ionas go bhféadfadh tomhaltóirí paraiméadair na gcóras a shocrú agus a choigeartú. An chéad uair a d’úsáidfí iad, bheadh ar thomhaltóirí a roghnú go sainráite cé acu a dheimhneoidís gach conradh, cineál áirithe conarthaí amháin, nó gan aon cheann acu sula mbeidís faoi cheangal. Ní bheadh feidhm ag an Airteagal maidir le seirbhísí airgeadais a sholáthar.
Téacs Airteagal 26togra an Choimisiúin
Airteagal 26
Córais uathoibrithe le haghaidh conraitheoireachta thar ceann tomhaltóra le trádálaí
1.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil do thomhaltóirí ar féidir le tomhaltóirí iad a úsáid chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a fheidhmiú thar ceann na dtomhaltóirí leis na trádálaithe sin nó le trádálaithe eile, áiritheoidh siad go mbeidh uirlisí inrochtana, intuigthe agus éifeachtacha sna córais uathoibrithe sin, lena gcuirfear ar a gcumas do na tomhaltóirí a roghanna a chur in iúl agus paraiméadair na gcóras uathoibrithe sin dá dtagraítear i mír 2 a shocrú agus a choigeartú. Beidh an deis ag tomhaltóirí an rogha a cuireadh in iúl a mhodhnú agus na paraiméadair dá dtagraítear i mír 2 a athrú tráth ar bith leis na huirlisí a sholáthraítear chun na críche sin i gcomhréir leis an mír seo.
2.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil do thomhaltóirí ar féidir le tomhaltóirí iad a úsáid chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a fheidhmiú thar ceann na dtomhaltóirí, áiritheoidh siad, agus córas uathoibrithe á úsáid den chéad uair, go gceanglófar ar thomhaltóirí ceann amháin de na nithe seo a leanas a roghnú go sainráite:
(a)an mian leo na conarthaí go léir arna moladh ag an gcóras uathoibrithe a dheimhniú sula mbeidh siad faoi cheangal ag na conarthaí sin;
(b)an mian leo gan ach cineál áirithe conarthaí a dheimhniú, bunaithe ar chritéir shonracha a bheidh le socrú ag an tomhaltóir, lena n-áirítear praghas uasta agus teorainn ama d’infheidhmeacht na rogha sin;
(c)an mian leo gan conarthaí a dhaingniú sula mbeidh siad faoi cheangal acu.
3.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe ar fáil do thomhaltóirí ar féidir le tomhaltóirí iad a úsáid chun conarthaí a thabhairt i gcrích agus a fheidhmiú thar ceann na dtomhaltóirí, seolfaidh siad deimhniú maidir leis an rogha a rinneadh i gcomhréir le mír 2 chuig an tomhaltóir ar mheán marthanach.
4.Trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe le haghaidh conraitheoireachta ar fáil do thomhaltóirí, áiritheoidh siad freisin go gcomhlíonann na córais uathoibrithe sin na critéir seo a leanas:
(a)i gcás inar roghnaigh an tomhaltóir na conarthaí uile nó conarthaí áirithe a dheimhniú sula mbeidh sé faoi cheangal acu, i gcomhréir le mír 2, pointe (a) nó (b), den Airteagal seo, soláthróidh an córas uathoibrithe an fhaisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), (h) go (k), (o) agus (p), de Threoir 2011/83/AE ar a laghad don tomhaltóir;
(b)nochtfar leis an gcóras uathoibrithe aon íocaíocht a fhaigheann na trádálaithe a chuireann córais uathoibrithe le haghaidh conraitheoireachta ar fáil do thomhaltóirí chun conradh a mholadh agus aon choinbhleacht leasa leis na trádálaithe lena mbaineann conradh beartaithe agus, i gcás íocaíocht nó coinbhleachta leasa den sórt sin, ceanglófar ar an tomhaltóir an conradh comhfhreagrach a dheimhniú, go neamhspleách ar an rogha atá curtha in iúl ag an tomhaltóir i gcomhréir le mír 2.
5.I gcás ina n-idirghníomhaíonn córas uathoibrithe trádálaí le tomhaltóir nó thar ceann tomhaltóra, féadfaidh an trádálaí agus soláthraí an chórais uathoibrithe iad féin a shainaithint agus a fhíordheimhniú trí bhíthin Tiachóg le haghaidh Ghnó na hEorpa arna bunú faoi Rialachán (AE) [Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa] nó trí úsáid a bhaint as Tiachóg Eorpach Céannachta Digití arna heisiúint faoi Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, arna leasú le Rialachán (AE) 2024/1183.
6.Féadfar Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a úsáid freisin chun an córas uathoibrithe lena mbaineann a shainaithint agus chun a shuí cé dó a ngníomhaíonn sé, ionas gur féidir leis an trádálaí agus leis an tomhaltóir araon brath ar fhaisnéis iontaofa maidir le céannacht an chórais agus an pháirtí dá ndéanann sé ionadaíocht. Dá bhrí sin, féadfaidh soláthraithe córas uathoibrithe idir-inoibritheacht le Tiachóga le haghaidh Ghnó na hEorpa a áirithiú chun sainaithint agus fíordheimhniú na gcóras sin a éascú.
7.I gcás ina dtabharfaidh an córas uathoibrithe conradh i gcrích thar ceann an tomhaltóra idir trádálaí agus an tomhaltóir, déanfaidh an córas uathoibrithe atá á úsáid ag an tomhaltóir sonraí teagmhála an tomhaltóra, a bhfuil gá leo chun an conradh a fheidhmiú, a tharchur chuig an trádálaí sin, amhail an seoladh leictreonach agus an seoladh geografach.
8.Tar éis don tomhaltóir conradh a thabhairt i gcrích le trádálaí trí chóras uathoibrithe, seolfaidh an trádálaí sin dearbhú chuig an tomhaltóir maidir leis an gconradh a tugadh i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 8(7) de Threoir 2011/83/AE, ar mheán marthanach, i dteanga shoiléir shothuigthe.
9.Ní dhéanfaidh trádálaithe a gcomhéadain ar líne a dhearadh, a eagrú ná a oibriú ar bhealach lena gceanglaítear ar thomhaltóirí córais uathoibrithe a úsáid chun rochtain a fháil ar idirbhearta tráchtála ar chomhéadain ar líne na dtrádálaithe nó chun iad a thabhairt i gcrích.
10.Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le seirbhísí airgeadais a sholáthar.
Aithrisí a mhíníonn an tAirteagal seo
- Aithris 77 Tá córais uathoibrithe atá cláraithe chun idirghníomhú le daoine nádúrtha nó le córais uathoibrithe eile i…
- Aithris 78 Is féidir le tomhaltóirí córais uathoibrithe a úsáid, lena n-áirítear iad siúd a sholáthraíonn tríú…
- Aithris 79 I gcás ina n-idirghníomhaíonn córais uathoibrithe le trádálaithe thar ceann tomhaltóirí, tá sé tábhachtach…
- Aithris 80 Ba cheart do thrádálaithe a chuireann córais uathoibrithe conraitheoireachta ar fáil do thomhaltóirí a…
Téarmaí a shainmhínítear sa ghníomh seo agus a úsáidtear anseo
tomhaltóir
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ aon duine nádúrtha atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch atá lasmuigh de thrádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin
Airteagal 3, pointe (1)
trádálaí
ciallaíonn ‘trádálaí’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú, i gcleachtais tráchtála a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun críoch a bhaineann le trádáil, gnó, ceird nó gairm an duine sin agus aon duine atá ag gníomhú in ainm trádálaí nó thar ceann trádálaí
Airteagal 3, pointe (2)
comhéadan ar líne
ciallaíonn ‘comhéadan ar líne’ aon bhogearra, lena n-áirítear suíomh gréasáin, cuid de shuíomh gréasáin nó feidhmchlár, lena n-áirítear feidhmchlár móibíleach, a oibríonn trádálaí nó a oibrítear thar a cheann, agus a fhónann chun rochtain a thabhairt do thomhaltóirí ar tháirgí
Airteagal 3, pointe (11)
córas uathoibrithe
ciallaíonn ‘córas uathoibrithe’ bogearraí atá in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh agus cinntí a dhéanamh a mbíonn iarmhairtí dlíthiúla acu dá úsáideoir, lena n-áirítear conarthaí a thabhairt i gcrích, gan gá le hidirghabháil dhaonna
Airteagal 3, pointe (21)
meán marthanach
ciallaíonn ‘meán marthanach’ meán marthanach mar a shainmhínítear in Airteagal 2(10) de Threoir 2011/83/AE
Airteagal 3, pointe (34)